The WYSS Website / Die WYSS Webseiten / Na Leathanaigh WYSS
Home / Heim / Abhaile
BÜCHER, ABHANDLUNGEN, AUFSÄTZE

Foclóir Gaeilge agus Gearmáinise

WÖRTERBUCH IRISCH - DEUTSCH

CALDAS, Thomas Feito  / SCHLEICHER, Clemens
Wörterbuch Irisch-Deutsch
Mit einem deutsch-irischen Wortindex.
Hamburg (Helmut Buske Verlag) 1999, 573 S.
ISBN 3-87548-124-0.
Gebunden. Euro 19,95

Foclóir nua sármhaith is ea é seo. Bheireann sé teacht díreach ar an nGearmáinis do lucht Gaeilge, agus ciallaíon sé go bhfeicfidh na Gaeil nach í an Béarla amháín an teanga a oscalaíonn fuinneog ar an ndomhan. Cuireann an saothar so na daoine go bhfuil an Ghearmáinis acu mar a dteanga féin ar a gcumas plé leis an nGaeilge go díreach gan bac le foclóir Béarla.

Is mó a chomhlíonann an foclóir ná mar a ghealltar ar an gclúdach. Cé go dtugtar Wörterbuch - Irisch Deutsch air, tá liosta Gearmáinis - Gaeilge ann leis. Caithfidh tú cuardú sa roinnt Gaeilge - Gearmáinis go minic chun fáil amach cad é an focal atá feiliúnach i gcomhthéacs éigin. Ar aon chuma, uaireanta gheibheann tú tuilleadh eolais ná mar a bhaighfeá san English - Irish  Dictionary le Tomás de Bhaldraithe. Mar shampla, fén gclárú Esche  tugtar seachas fuinseog an focal liteartha nion mar aistriúchán. Léirítear insan roinnt Gaeilge - Gearmáinis  gurb é nion ainm na litire N san aibítir Ogham freisin. 

Ní bhaineann an leabhar nua so le h-aistriúchán amháin. Tugtar fuaimniú caighdéanach le gach focal  Gaeilge. Taispeántar ao mar [i:] i gcónaí, ach ní bhacfaidh tú leis sin más fearr leat [e:] i bhfocail ar nós aon, aonach, maol.

Féachann an leabhar go deas leis, agus tuillean sé go mbeidh fáilte roimhe.